Skip to content
Health Information and Quality Authority logo

Senior Legal Advisor / Comhairleoir Dlí Sinsearach

Health Information and Quality Authority · Public sector

Summary

HIQA is seeking to appoint a Chief Executive Officer to lead the organization through its next phase of development, as its legal remit and functions continue to expand. The CEO will provide vision, strategic leadership, and effective management across all of HIQA’s functions, engage with stakeholders, and lead the organization in taking on new legal functions.

Key facts

Status
Available
Location
Cork or Dublin
Level
Lead
Apply by
2026-12-09
Required skills
  • strategic management
  • health and social care systems
  • regulatory affairs
  • Government policy
  • health reform
Benefits
  • Blended Working Model

Full description

HIQA is an independent authority established to drive high-quality and safe care for people using our health and social care services in Ireland. Our role is to develop standards, inspect and review health and social care services and support informed decisions on how services are delivered. If you are focused, motivated and seeking a change in your career, then have a look at our current vacancies.

The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Mission, Vision and Values

Employee Benefits

Wellbeing

Interview Preparation

Blended Working Model

Competency Framework

Recruitment FAQs

Please note that we do not accept unsolicited CVs or respond to employment queries unrelated to advertised posts. Further information and the link to application forms is available below.

Chief Executive Officer/ Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

HIQA is now seeking to appoint a Chief Executive Officer to lead the organisation. This is a unique opportunity to lead HIQA through its next phase of development, as its legal remit and functions continue to expand. The successful candidate will contribute to the sustainable improvement of the quality and safety of Ireland’s health and social care services.

The Role

Reporting to the Chairperson and Board, the Chief Executive Officer will lead the senior management team, engage with stakeholders across the health and social care sectors, and set the direction for HIQA’s development in the context of its extended remit. Key responsibilities include:

  • Providing vision, strategic leadership and effective management across all of HIQA’s functions, so that the organisation is well governed and carries out its functions effectively and to the highest standard.
  • Building effective relationships and strategic engagement with senior decision-makers across the health and social care system, in a way that informs and influences health policy, drives quality improvement and delivers HIQA’s mandate. Leading the organisation in taking on a growing range of new legal functions set out in the Government’s legislative programme.

Maintaining HIQA’s independence, credibility and public trust, and acting as its principal spokesperson with Government, the Oireachtas, the media and the public.

  • Ensuring strong governance, financial management and accountability in line with the Code of Practice for the Governance of State Bodies.
  • Building a high-performing, values-led culture across HIQA’s multidisciplinary workforce. The Individual

HIQA welcomes applications from candidates who demonstrate

A successful track record of leadership and strategic management at executive level in a complex organisation with multiple stakeholders.

Credibility in health and social care systems nationally and internationally, shown through a record of delivery at senior executive level.

In-depth knowledge of the Irish health and social care model, regulatory affairs, Government policy and health reform.

A clear understanding of the complexities, levers and drivers of health and social care, health system reform, and achieving quality and safety within a challenging fiscal environment.

The ability to influence senior figures in the public and civil service, Government and professional bodies.

  • Experience of leading organisational change and growth, including taking on new functions.
  • An innovative, service-focused approach, with exceptional communication, interpersonal, negotiation and influencing skills.
  • High personal integrity, sound judgement and a commitment to public service. Odgers Ireland have been exclusively retained by HIQA to manage the appointment process.

Candidates for this role will be sourced through both an advertised and executive search process.

For further information and for details of how to apply, please see www.odgers.com/HIQAAS

  • Closing date for applications: 5pm, Wednesday 9th December 2026.

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

  • Spriocdháta: 5:00pm an 9 Nollaig 2026

Tá HIQA ag féachaint le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a cheapadh chun an eagraíocht a stiúradh. Is deis uathúil í seo chun HIQA a stiúradh tríd an gcéad chéim eile dá fhorbairt, de réir mar a leanann a shainchúram dlíthiúil agus a chuid feidhmeanna de bheith ag leathnú. Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil leis an bhfeabhas inmharthana ar cháilíocht agus sábháilteacht i seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann.

An Ról

Is don Chathaoirleach agus don Bhord a fhreagróidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus stiúrfaidh sé/sí an fhoireann ardbhainistíochta, rachaidh sé/sí i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar fud earnálacha na sláinte agus an chúraim shóisialta, agus leagfaidh sé/sí síos an treo le haghaidh fhorbairt HIQA i gcomhthéacs a shainchúraim leathnaithe. I measc phríomhfhreagrachtaí an róil tá:

  • Caidreamh éifeachtach a chothú le cinnteoirí sinsearacha agus dul i dteagmháil go straitéiseach leo ar fud an chórais sláinte agus cúraim shóisialta, ar bhealach lena gcuirtear bonn eolais faoi bheartas sláinte agus lena dtéitear i gcion air, lena spreagtar feabhsú cáilíochta agus lena mbaintear sainordú HIQA amach.
  • An eagraíocht a stiúradh agus í ag glacadh raon níos mó feidhmeanna nua dlíthiúla chuici féin mar a leagtar amach i gclár reachtaíochta an Rialtais.
  • Neamhspleáchas, creidiúnacht agus iontaoibh an phobail in HIQA a choinneáil ar bun, agus feidhmiú mar príomhurlabhraí na heagraíochta leis an Rialtas, leis an Oireachtas, leis na meáin agus leis an bpobal.
  • Rialachas láidir, bainistíocht airgeadais agus cuntasacht a chinntiú i gcomhréir leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.
  • Cultúr ardfheidhmíochta bunaithe ar luachanna a chothú i measc lucht saothair ildisciplíneach HIQA.
  • Cuntas teiste rathúil i gceannaireacht agus i mbainistíocht straitéiseach ar leibhéal feidhmiúcháin in eagraíocht chasta a oibríonn le hiliomad páirtithe leasmhara.
  • Creidiúnacht i gcórais sláinte agus cúraim shóisialta sa bhaile agus thar lear, agus é sin á thaispeáint trí thaifead ar thorthaí a baineadh amach ar an leibhéal feidhmiúcháin shinsearaigh.
  • Mioneolas ar shamhail cúraim sláinte agus shóisialta na hÉireann, mar aon le cúrsaí rialála, beartas an Rialtais agus athchóiriú sláinte.
  • Tuiscint shoiléir ar chastachtaí, seifteanna agus spreagthóirí an chúraim sláinte agus shóisialta, athchóiriú an chórais sláinte, agus cáilíocht agus sábháilteacht a bhaint amach laistigh de thimpeallacht fhioscach lán dúshlán.
  • An cumas dul i gcion ar dhaoine sinsearacha sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís, sa Rialtas agus i gcomhlachtaí gairmiúla.
  • Taithí ar athrú agus fás eagraíochtúil a stiúradh, lena n-áirítear feidhmeanna nua a ghlacadh chuige/chuici féin.
  • Cur chuige nuálach atá dírithe ar sheirbhís, maille le scoth na scileanna cumarsáide, idirphearsanta, idirbheartaíochta agus tionchair.
  • Macántacht phearsanta ard, breithiúnas stuama agus tiomantas don tseirbhís phoiblí. An Duine Féin

Cuireann HIQA fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a léiríonn an méid seo a leanas:

Tá Odgers Ireland ar áirithíocht ag HIQA go heisiach chun an próiseas ceapacháin a bhainistiú.

Aimseofar iarrthóirí don ról seo trí phróiseas fógartha agus próiseas cuardaigh fheidhmeannaigh araon.

Chun teacht ar thuilleadh eolais agus ar na sonraí faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, féach www.odgers.com/HIQAAS

  • Spriocdháta le haghaidh iarratas: 5pm, Dé Céadaoin 9 Nollaig 2026.

Senior Researcher - Health Information and Standards / Taighdeoir Sinsearach - Faisnéis agus Caighdeáin Sláinte

Senior Researcher - Health Information and Standards

  • Location: Dublin, Cork or GalwayGrade: Engineer Grade IITenure: 1 x immediate permanent vacancy

HIQA intends to create a panel for future permanent and fixed term vacancies that may arise.

The Senior Researcher will support the Governance, Research and Strategy team. This role will require excellent research, information analysis, communication, collaboration and project management skills. Their support and expertise will extend across the Directorate as required, ensuring that we meet our business objectives.

Essential

  • Degree qualification (minimum of Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in health or social care-related areas, health services management, a health-related science with a high content in health services research, or a discipline deemed relevant to the role by the Authority and
  • at least three years of experience in relevant health or social care research including evidence synthesis, qualitative or quantitative research. Benefits of working at HIQA:
  • 27 days annual leave
  • Pension Scheme
  • Learning and Development Opportunities
  • Well-being Programme
  • Social Club
  • Employee Assistance Programme
  • Academic Education Support Scheme Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

The completed application form must be submitted by 5.00pm on Monday, 07th December 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Taighdeoir Sinsearach - Faisnéis agus Caighdeáin Sláinte

  • Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó GaillimhGrád: Innealtóir Grád IITionacht: 1 x folúntas buan láithreach

Tá sé i gceist ag HIQA painéal a chruthú le haghaidh folúntais bhuana agus téarma sheasta a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo.

Tacóidh an Taighdeoir Sinsearach leis an bhfoireann Rialachais, Taighde agus Straitéise. Beidh sárscileanna taighde, anailíse faisnéise, cumarsáide, comhoibrithe agus bainistíochta tionscadail ag teastáil don ról seo. Beidh a dtacaíocht agus a saineolas in úsáid ar fud na Stiúrthóireachta de réir mar is gá, chun a chinntiú go mbainfimid ár gcuspóirí gnó amach.

Riachtanach

  • Cáilíocht céime (Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i réimsí a bhaineann leis an tsláinte nó leis an gcúram sóisialta, i mbainistíocht seirbhísí sláinte, in eolaíocht a bhaineann leis an tsláinte ina bhfuil cuid mhór den ábhar dírithe ar thaighde seirbhísí sláinte, nó i ndisciplín a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don ról agus
  • taithí nach lú ná trí bliana i dtaighde cúraim sláinte nó shóisialta ábhartha, lena n-áirítear sintéisiú fianaise agus taighde cáilíochtúil nó cainníochtúil. Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
  • 27 lá de shaoire bhliantúil
  • Scéim Pinsin
  • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
  • Clár Folláine
  • Club Sóisialta
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5.00pm Dé Luain, 7 Nollaig, 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

#IJAdvantage

Senior Legal Advisor / Comhairleoir Dlí Sinsearach

Senior Legal Advisor

  • Location: Cork or DublinGrade: Engineer Grade I Tenure: In the first instance HIQA will create a panel for an anticipated future permanent vacancy that will arise

The Senior Legal Advisor will actively engage in providing advice on policy and legislative reform relating to HIQA’s functions and will advise on complex legal, regulatory and administrative law matters, supporting monitoring and enforcement activity, managing litigation, and contributing to organisational decision-making and policy development.

As a trusted legal advisor, they will collaborate closely with senior management, regulatory teams, external counsel, and other stakeholders to ensure that the organisation operates effectively, lawfully, and in accordance with principles of good governance and public administration.

The successful candidate will report to the Head of Legal Services and will be required to take an active role in supporting the Head of Legal Services in the leadership, management and delivery of legal services, in what is a dynamic and fast-paced public sector organisation.

This may include and is not limited to deputising for the Head of Legal Services, managing legal costs and resources, business planning and delivery, and management of and mentoring team members.

Essential

  • A professional legal qualification as a Solicitor from the Law Society of Ireland or as a Barrister from the Honorable Society of King’s Inns
  • Is currently enrolled as a Solicitor or Barrister in the State
  • At least four years post qualification experience as a practicing solicitor or barrister in Ireland
  • At least two years’ post qualification experience in making a significant contribution to delivering team objectives either through direct line management or project/training delivery or operational delivery. Benefits of working at HIQA:
  • 30 days annual leave
  • Pension Scheme
  • Learning and Development Opportunities
  • Well-being Programme
  • Social Club
  • Employee Assistance Programme
  • Academic Education Support Scheme. Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 23rd November 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Comhairleoir Dlí Sinsearach

  • Láthair: Corcaigh nó Baile Átha CliathGrád: Innealtóir Grád I Tionacht: Ar an gcéad dul síos cruthóidh HIQA painéal le haghaidh folúntas buan a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo

Beidh an Comhairleoir Dlí Sinsearach rannpháirteach go gníomhach i gcomhairle a chur ar fáil maidir le hathchóiriú beartais agus reachtaíochta a bhaineann le feidhmeanna HIQA agus cuirfidh sé nó sí comhairle ar fáil freisin maidir le saincheisteanna casta dlí, rialála agus dlí riaracháin, agus é nó í ag tacú le gníomhaíochtaí faireacháin agus forfheidhmithe, bainisteoidh sé nó sí imeachtaí dlíthíochta, agus rannchuideoidh sé nó sí le cinnteoireacht eagraíochtúil agus le forbairt beartais.

Mar chomhairleoir dlí iontaofa, oibreoidh sé nó sí go dlúth leis an mbainistíocht shinsearach, leis na foirne rialála, le comhairleoirí seachtracha, agus le páirtithe leasmhara eile lena chinntiú go bhfeidhmíonn an eagraíocht go héifeachtach agus go dleathach, agus i gcomhréir le prionsabail an dea-rialachais agus an riaracháin phoiblí.

Beidh an t-iarrthóir a cheapfar freagrach do Cheann Seirbhísí Dlí agus beidh ról gníomhach aige nó aici i dtacú leis an gCeann Seirbhísí Dlí i gceannaireacht, i mbainistiú agus i soláthar seirbhísí dlí in eagraíocht dhinimiciúil de chuid na hearnála poiblí ina mbíonn luas tapa oibre i gceist.

D’fhéadfadh ionadú a dhéanamh ar an gCeann Seirbhísí Dlí, costais agus acmhainní dlí a bhainistiú, pleanáil agus soláthar gnó a dhéanamh, agus baill foirne a bhainistiú agus a mheantóireacht a bheith san áireamh leis seo, ach gan a bheith teoranta dóibh.

Riachtanach

  • Cáilíocht dhlíthiúil ghairmiúil mar Aturnae ó Chumann Dlí na hÉireann nó mar Abhcóide ón Honorable Society of King’s Inns
  • A bheith rollaithe mar aturnae nó abhcóide sa Stát.
  • Taithí ceithre bliana iarcháilíochta ar a laghad mar aturnae nó mar abhcóide cleachtach in Éirinn
  • Taithí dhá bhliain iarcháilíochta ar a laghad le rannpháirtíocht mhór i soláthar cuspóirí foirne, cé acu trí bhainistíocht líne dhíreach nó trí thionscadal/oiliúint a sholáthar nó trí sholáthar oibríochta. Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
  • 30 lá de shaoire bhliantúil
  • Scéim Pinsin
  • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
  • Clár Folláine
  • Club Sóisialta
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil. Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00pm Dé Luain an 23 Samhain 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

#IJAdvantage