- Folúntais: Tá Met Éireann, rannán líne de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag lorg léirithe spéise i gcomhaltacht taighde, a gcuirfear tús léi a luaithe is féidir. Seo a leanas cur síos ar an ról a bhfuiltear ag earcú ina leith. Comórtas do Phost Taighde Iardhochtúireachta RazorEge: Zúmáil ar Réigiúin Aigéin, Forfheabhsú agus Modhanna Hibrideacha maidir le hAnchásanna Aeráide agus a dTorthaí ar an Scála Domhanda agus an Scála Áitiúil (Conradh ar théarma seasta) Leagtar de chúram ar Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil i ndáil le cúrsaí aimsire, aeráide agus tuilte d’fhonn cuidiú leis an mbeatha agus le maoin a chosaint agus caoi mhaith ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta a chur chun cinn. Déantar fónamh d’earnálacha éagsúla, ina measc iompar san aer agus ar dhroim talún, earnáil na mara agus earnáil na talmhaíochta. Bíonn ról tábhachtach leis freisin maidir le feidhmeanna pleanála agus bainistíochta an Stáit do chásanna éigeandála agus trí fholáireamh maidir le cineálacha aimsire is cásanna guaise a chur le chéile agus a chur in iúl. Is é atá de mhisean ag Met Éireann, faoi mar a leagtar amach sa Phlean Straitéise 2024 – 2034 “Réidh le hAthrú – Éire a ullmhú le haghaidh na n-athruithe ar an aimsir agus ar an aeráid” seirbhísí den scoth maidir leis an aimsir, an aeráid, agus tuilte a chur ar fáil do shochaí na hÉireann agus do lucht cinnteoireachta d’fhonn beatha agus maoin a chosaint, agus caoi mhaith ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta a chur chun cinn. Tá 260 fostaí ar fhoireann Met Éireann faoi láthair i naoi gcinn de rannóga. Bíonn mórchuid na foirne lonnaithe ag ceanncheathrú i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath agus bíonn roinnt den fhoireann lonnaithe ag aerfoirt ar fud na tíre agus in Ionad Breathnóireachta Dhairbhre a ritheann Met Éireann i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí. Is mian le Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann, taighdeoir díograiseach sárchumasach a earcú sa Rannóg Feidhmeanna Taighde (RAD) chun cur le tionscadal RazorEge faoi Chlár Fhís Eorpach an AE (Zúmáil ar Réigiúin Aigéin, Forfheabhsú agus Modhanna Hibrideacha maidir le hAnchásanna Aeráide agus a dTorthaí ar an Scála Domhanda agus an Scála Áitiúil). Cur síos ar an bpost agus na réimsí cúraim Téann deis faoi leith leis an bpost seo oibriú ar thús cadhnaíochta san fhorbairt ar Réamhshamhail na gCóras Domhanda, mar chuid de chuibhreannas mór le rá idirnáisiúnta taighde faoi chúrsaí aeráide.
Competition for RazorEge Postdoctoral Research Position
Summary
Met Éireann is seeking expressions of interest for a postdoctoral research fellowship to contribute to the RazorEge project under the EU Horizon Europe Programme. The role will involve working on the development of Global Systems Precursors for climate extremes.
Key facts
- Status
- Available· 12/10/2026
- Location
- Glas Naíon
- Contract
- Full-time
- Start date
- As soon as possible
- Level
- Entry